Treoracha próiseála
Sonraíochtaí i dtaca le huirlisí ionscópachta a athphróiseáil
D'fhonn iontaofacht fheidhmeach agus saol fada seirbhíse a dhearbhú, nó mór uirlisí
ionscópachta in-athúsáidte a phróiseáil tar éis gach obráide faoi réir ag na treoirlínte
agus na caighdeáin chuí. Tá na sonraíochtaí seo bunaithe ar DIN EN ISO 17664 agus
"Hygiene requirements for the reprocessing of flexible endoscopes and endoscopic
additional instruments" arna fhoilsiú ag Robert Koch Institute (RKI).
An próiseas uathoibríoch athphróiseála sa ghléas díghalraithe níocháin (WD) le
haghaidh táirgí in-athúsáidte FUJIFILM medwork mar a shonraítear thíos iad, tá siad
dearbhaithe ag FUJIFILM medwork agus is mar chuid de shonraíochtaí don oibreoir
iad. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil an t-oibreoir go hiomlan freagrach as an
athphróiseáil cheart agus chuí a dhéanamh agus a mhonatóiriú.
Táirgí
Sna sonraíochtaí atá foilsithe anseo tá eolas tábhachtach mar gheall ar athphróiseáil
iontaofa agus éifeachtach de tháirgí FUJIFILM medwork agus tá siad i bhfeidhm i
gcomhar leis na treoracha um úsáid na dtáirgí faoi seach.
Braitheann cineál agus scóip na hathphróiseála ar fheidhmiú an ghléis leighis. Mar
sin, tá an t-oibreoir freagrach as aicmiú ceart a dhéanamh ar ghléis leighis agus mar
thoradh air sin as cineál agus scóip na hathbphróiseála a sonrú (féach moladh
KRINKO/BfArM , Alt 1.2.1 Risk assessment and classification of medical devices
before reprocessing). Ní mór a chinntiú go háirithe go gcuirtear próisis
chaighdeánaithe agus dearbhaithe i bhfeidhm. Má úsáidtear táirgí in-athúsáidte
FUJIFILM medwork d'othair a bfuil athraitheach ar ghalar Creutzfeldt-Jakob orthu, níor
cheart iad seo a phróiseáil tar éis iad a úsáid. Tá na moltaí ar leith de chuid RKI
infheidhme anseo go háirithe.
Táirgí de chuid FUJIFILM medwork atá lipéadaithe mar ghléis aonúsáide (
níl cead iad a ullmhú na a athsteiriliú le haghaid athúsáide. D'fhéadfadh athrú teacht
ar airíonna an táirge dá n-athúsáidfí é nó dá ndéanfaí athphróiseáil nó athsteiriliú air
agus teip feidhmithe mar thoradh air seo rud a bheadh baolach do shláinte an othair
nó a bheadh ina chúis le galar, gortú nó bás. Anuas air sin, bíonn baol éillithe ann don
othar nó don uirlis má athúsaidtear, má athphróiseáiltear nó ma athsteirilítear í, chomh
maith le baol traséillithe, lena n-áirítear traschur galar tógálach. Is féidir le hothair a
bheith breoite nó gortaithe nó is féidir leo bás a fháil de dheasca éillithe táirge. Ní foláir
na huirlisí go léir a ghlanadh, a dhíghalrú agus steiriliú roimh gach úsáid. Tá seo
ríthábhachtach agus an uirlis á húsáid den chéad uair tar éis seachadta, mar cuirtear
gach uirlis ar fáil i staid neamhsteiriúíl (glanadh agus díghlarú tar éis an pacáistiú
cosanta seachadta a bhaint;
steiriliú tar éis pacála). Tá gá le togha na haire i dtaca le huirlisí a ghlanadh a bhfuil
coirp chuasacha acu. Tá raca speisialta ann le haghaidh cuasa a rinseáil agus is gá
leis seo i gcás glantacháin i meaisín agus na huirlisí seo a dhíghalrú, e.g. racaí le
haghaidh uirlisí micr-ionracha (trallaí MIC). Tá difríochtaí i dtrealamh na racaí seo ag
braith ar an monaróir. Braitheann dul chun cinn an ghlantacháin ar an trealamh agus
ar inoiriúnaitheacht na n-uirlisí ar an raca agus ní mór é a dhearbhú le bailíochtú na
bpróiseas. Lean eolas an mhonaróra le do thoil mar gheall ar chomhoiriúnacht na n-
ábhar glantacháin, díghalraithe agus steirilithe. I dtaca le glanadh ultrasonach ná
húsáidtear ach glantóirí atá faofa don phróiseas agus coinnigh an réimse teochta a
mholann an monaróir.
Áitreabh
Ní mór an athphróiseáil seo a chur ar siúl i seomraí oiriúnacha atá trealmhaithe go
speisialta chun na críche seo agus a chomhlíonann riachtanais an Choiste um
Shláinteachas Ospidéil agus Cosc Ionfhabhtuithe de chuid RKI.
Pearsanra
Tabhair faoi deara le do thoil nár cheart ach daoine oilte uirlisí ionscópachta breise a
phróiseáil (Catagóir IV) a bhfuil an oiliúint chuí acu mar aon le leibhéal eolais agus
taithí le haghaidh na hoibre seo. Ba cheart duit masc aghaidhe a chaitheamh chomh
maith le spéaclaí slándála, gúna obráide nach gcuireann leachta isteach air agus
lámhainní nach féidir a ghearradh ar mhaithe le cosaint ó éilliú ionchasach le frídíní
pataigineacha agus ceimiceáin ghlanta bhaolacha ionchasacha.
Trealamh le haghaidh réamhghlantacháin:
Éadach agus spúinse indiúscartha: éadach nó spúinse éaglúmhach indiúscarttha
Céim 1: Réamhghlantachán:
Glan uirlisí usáidte chomh luath agus is feidir tar éis ionscópachta (tráth nach mó ná 2
uair a' chloig) le héadach nó spúinse éaglúmach indiúscartha d'fhonn a laghdú chomh
fada agus is féidir nach dtriomódh ábhar orgánach agus iarmhar ceimiceáin agus éilliú
na timpeallachta Ar mhaithe le pearsanra agus an timpeallacht a chosaint, iompair an
uirlis éillithe i soithí dúnta amháin ón seomra scrúdaithe go dtí an seomra cóirithe.
Molaimid go n-athphróiseálfar na huirlisí chomh luath agus is féidir ach pé scéal é
tráth nach déanaí ná 2 uair a' chloig tar éis iad úsáid. Má stóráiltear uirlsí úsaidte ar
bhonn sealadach agus neamhghlainí orthu ar nós iarmhar fola tá baol ann go dtosóidh
creimeadh.
Trealamh le haghaidh réamhghlantacháin:
Tuaslagán glantacháin: díghalrán uirlise neamhphróitéineach suite VAH-liostaithe le
Scuaba plaisteacha le haghaidh LIT2-D-HAN:
Steallaire indiúscartha:
Folcadán ultrasonach:
Uisce príomhlíonra:
Doirteal:
Bosca iompair:
Céim 2: Glana de láimh
AIRE! Treoracha speisialta
Ní mór na huirlisí a dhíchóimeáil chun iad a ghlanadh agus a dhíghalrú ag brath ar an
ngléas. Lean na treoracha um dhíchóímeáil sna treoracha um úsáid. Ná húsáid aon
tuaslagáin ina bhfuil aildéid mar gur féidir leo seo próitéiní a shocrú agus mar sin
cuireann seo isteach ar dhul chun cinn an ghlantacháin.
Ullmhaigh an tuaslagán glantacháin (e.g.: gigasept AF forte®2%) faoi mar atá leagtha
amach ag an monaróir agus cuir i bhfolcadán ultrasonach é. Más féidir, cuir an huirlisí
siombil)
isteach díreach tar éis úsáide sa tuaslagán glantacháin arna ullmhú díreach faoi réir
ag na tiúchana, idirghníomhuithe agus amana nochta arna sainmhíniú ag an monaróir.
Cuir na céimeanna glantacháin seo leanas go léir i gcrích faoi dhromchla an leachta
d'fhonn spraeáil an leachta éillithe a sheachaint. Ná húsáidtear ach tuaslagáin
ghlantacháin a bhfuil fianaise ar a gcuid oiriúnachta agus éifeachtachta agus iad
fógartha faoi réir sna tuairiscí sainiúla ó mhanaróirí athphróiseála agus trealamh. Ní
foláir an tuaslagán glantacháin a athrú ar a laghad gach lá agus láithreach baonn i
gcás éillithe is féidir a fheiceáil.
Le linn an ama agus iad ar maos déan an snáithe agus na codanna den uirlis thumtha
agus nach féidir teacht orthu go furasta a scuabadh le scuab. (scuab bhailíochtaithe:
fad cheann na scuaibe: 30 mm, trastomhas cheann na scuaibe: 2.5 mm agus scuab 2:
fad cheann na scuaibe 100 mm, trastomhas cheann na scuaibe 7.0 mm)).
Tabhair togha na haire do na codanna tábhachtacha nach féidir teacht orthu go
furasta nuair nach féidir iniúchadh amhairc a dhéanamh ar éifeacht an ghlantacháin.
Ansin rinseáil an lúman uair amháin leis an tuaslagán glantacháin agus steallaire 20
ml in úsáid agat.
Líon an lúman le tuaslagán glantacháin gan aon bhogáin aeir.
Rith an folcadán ultrasonach leis na huirlisí ar feadh 5 nóiméad ar a laghad (tá 5
nóméad bailíochtaithe). Ansin rinseáil an lúman ar a laghad uair leis an tuaslagán
glantacháin agus steallaire 20 ml in úsáid agat chun neamhghlainí tuaslagtha a bhaint.
Ní mór 15 nóiméad ar a laghad a bheith i gceist leis an am glantachán iomlán. Tar éis
sin, bain an uirlis ón tuaslagán glantacháin agus cuir i ndoirteal í le huisce (cáilíocht
íosta uisce inólta) ar feadh nóiméid amháin ar a laghad. Rinseáil an lúman ar a laghad
uair amháin leis an tuaslagán glantacháin agus steallaire 20 ml in úsáid agat chun
neamhghlainí tuaslagtha a shruthlú amach go hiomlán.
AIRE! Treoracha speisialta
Déan iniúchadh le do thoil ar an uirlis tar éis cóíreála de láimh chun deimhin a
dhéanamh de go bhfuil sí glan. Más féidir leat fós neamhghlanaí a fheiceáil, déan na
gnáthaimh thuas arís le do thoil.
Céim 3:
AIRE! Treoracha speisialta
Tugtar cur síos thíos ar dhíghalrú de láimh agus próiseas athphróiseála an mheaisín
sa FUJIFILM medwork WD agus WD-E mar phróisis athphróiseála ionchasacha. Ní
mór don oibreoir a shainiú cé acu de na trí phróiseas a chaithfear a úsaid bunaithe ar
rangú a bhraitheann ar an úsáideoir.
gníomh glanta, bailíochtaithe: gigasept AF forte® (Schülke
& Mayr GmbH, uimhir an earra: 125603)
An 1ú scuab: fad cheann na scuaibe 30 mm, trastomhas
cheann na scuaibe 2.5 mm
An 2ú scuab: fad cheann na scuaibe 13 mm, trastomhas
cheann na scuaibe 1.6 mm
Steallaire 20 ml, bailíochtaithe: B. Braun, uimhir an earra:
4606205V
bailíochtaithe: Bandelin, Sonorex RK1028
uisce reatha, teocht temperature 20 +/- 2°C, cáilíocht íosta
uisce inólta
doirteal le haghaidh uisce príomhlíonra
soitheach iompair inghlasáilte
Gaeilge