dhéanamh chun éifeachtaí féideartha na dtosca sin a mhaolú.
Is feistí aonúsáide, indiúscartha, atá sonrach don othar iad na feistí atá san áireamh sa Smart SPACE
3D Positioners system: ná déan na feistí a athúsáid ná a athriochtú.
Ná hathúsáid feiste a tháinig i dteagmháil roimhe sin le sreabhán coirp nó fíochán aon duine eile.
Ná húsáid aon fheiste ó phacáiste a osclaíodh roimhe sin nó a bhfuil an chuma air go bhfuil sé
damáistithe. Ná húsáid aon fheiste má tá sí briste nó scoilte nó má tá sí éillithe ó amharc.
Is le haghaidh othar ainmnithe a dheartar na feistí atá san áireamh sa Smart SPACE 3D Positioners
system agus is gá nach n-úsáidfí iad chun cóireáil a chur ar aon othar eile.
3.2. LE LINN NA hOBRÁIDE
Níor cheart feistí a mhodhnú ar bhealach ar bith. Má athraítear méid an 3D Positioner nó na 3D Positioners,
féadfar go mbeidh oiriúint neamh-leordhóthanach d'anatamaíocht an othair ann dá bharr. Is é an máinlia a
bheidh freagrach má athraítear an 3D Positioner nó na 3D Positioners ar bhealach ar bith roimh obráid nó
lena linn.
Tá an Smart SPACE 3D Positioners system beartaithe lena úsáid ag lia le linn an obráid a dhéanamh. Is i riocht
NEAMHSTEIRIÚIL a sholáthraítear na feistí sa phacáiste. Ní mór iad a steiriliú sula n-úsáidfear iad in obráid.
Ná húsáid iad ach amháin i gcomhcheangal le huirlisí ar leis an SMR Shoulder System agus leis an SMR TT
Hybrid Glenoid System de chuid LimaCorporate iad. Má úsáidtear uirlisí ó mhonaróirí eile nó má úsáidtear
uirlisí atá deartha lena n-úsáid le córais eile, féadfar go n-ullmhófar suíomh an ionphlandaithe go míchuí, go
ndéanfar na feistí a shuíomh, a ailíniú agus a fheistiú go mícheart agus go n-éireoidh an córas níos scaoilte,
go gcaillfear feidhmiúlacht, go laghdófar marthanacht an ionphlandaithe, agus go mbeidh gá ann le tuilleadh
obráide ina dhiaidh sin.
Ná cuir an iomarca brú ar na feistí. Ní mór go mbeidh an mharcáil ar na feistí a úsáidtear chun tagairtí
anatamaíocha agus an uimhir aitheantais don Case Report ar leith a léiriú inléite. Mura bhfuil na marcanna
inléite nó mura bhfuil an uimhir aitheantais comhfhreagrach don othar beartaithe, cuir an méid sin in iúl do
d'ionadaí. Mura bhfuil tú cinnte faoi chomhfhreagracht an cháis máinliachta, ná húsáid an Smart SPACE 3D
Positioners system
Léirítear cód aitheantais aonchiallach ar na feistí uile ar leis an Smart SPACE 3D Positioners system iad.
Leis an gcód, nasctar an fheiste go soiléir le cás an othair, ós rud é gurb ann don chód céanna aitheantais sa
Case Report. Sula n-úsáidtear an Smart SPACE 3D Positioners system, seiceáil go bhfuil sé comhfhreagrach
don chód cáis.
3.2.1. 3D ANATOMICAL MODELS A ÚSÁID
Níl i 3D Anatomical Models ach léiriú 3T ar riocht anatamaíoch an othair, mar a mheas an máinlia roimhe sin.
Ní mór an mhionsamhail a úsáid mar áis pleanála máinliachta.
170