sin bainteach go sonrach leis an bhféidearthacht go dtiocfadh drochthorthaí as na hionphlanduithe thuasluaite
a úsáid, ar nithe iad a ionphlandaítear trí bhíthin an Smart SPACE 3D Positioners system.
3. RABHAIDH
3.1. PLEANÁIL RÉAMHOBRÁIDE
Níor cheart táirgí de chuid LimaCorporate a bheith á n-úsáid ach amháin ag máinlianna atá eolach ar na
gnáthaimh athchuir ailt a thuairiscítear i dteicnící máinliachta na feiste sonraí (Case Report). Is é an
toradh atá ar phleanáil réamhobráide go dtugtar faisnéis bhunriachtanach maidir le cineál agus méid na
gcomhpháirteanna atá le húsáid agus maidir leis an gcomhcheangal ceart feistí a theastaíonn, bunaithe ar
anatamaíocht agus riochtaí sonracha gach othair aonair. Féadfar go dtiocfaidh na nithe seo a leanas as
pleanáil réamhobráide neamh-leordhóthanach: • roghnú míchuí na n-ionphlanduithe; • dearadh mícheart an
3D Positioner nó na 3D Positioners; • 3D Positioner mícheart nó 3D Positioners míchearta agus/nó suíomh
mícheart na n-ionphlanduithe.
Is gá nach n-úsáidfí an Smart SPACE 3D Positioners system le comhpháirteanna/uirlisí de chuid monaróirí
eile. Níl an monaróir ná an déileálaí faoi dhliteanas i leith neamh-chomhoiriúnacht fhéideartha cúplála. Is é an
máinlia amháin atá freagrach as na feistí a roghnú agus a úsáid.
Is ar bhonn sonraí ó scanadh CT a monaraíodh na feistí seo atá sonrach don othar. Féadfar go
dtiocfaidh athrú ar anatamaíocht an othair le himeacht ama. Sa chás gur imigh méid mór ama thart ón
uair a bailíodh sonraí an othair (dáta an scanta CT) agus am na hobráide, níor cheart Smart SPACE
3D Positioners system a úsáid. Moltar don mháinlia gan an Smart SPACE 3D Positioners system a
úsáid i gcás inar mó ná 6 mhí an tréimhse ama idir an scanadh CT a úsáideadh don dearadh agus
úsáid na feiste.
Níor cheart an Smart SPACE 3D Positioners system a bheith á úsáid ach amháin ag máinlianna atá
eolach ar an ionphlandú, ar a ghnéithe dearaidh, ar a mhodh úsáide, ar a uirlisí agus ar a theicníc
shonrach mháinliachta sula ndéanfaidh siad obráid. Roinntear an fhaisnéis thuasluaite ar fad leis na
máinlianna sa Case Report.
I ngach cás, ní mór cloí le cleachtais chuí ortaipéideacha agus ní mór go mbeidh an cineál feiste a roghnaíonn
an máinlia agus a gnéithe dearaidh cuí le haghaidh na cóireála.
Bíonn foireann speisialaithe theicniúil LimaCorporate ar fáil roimh obráid agus lena linn chun comhairle a
thabhairt maidir le pleanáil réamhobráide agus leis an teicníc mháinliachta agus chun cúnamh a thabhairt
maidir leis an táirge agus na huirlisí.
Ba cheart don mháinlia bheith ar an eolas go bhféadfadh sé go mbeadh frithghníomhuithe ailléirgeacha
ann don ábhar a úsáidtear le haghaidh an Smart SPACE 3D Positioners system a mhonarú. Ba cheart don
mháinlia eolas a thabhairt don othar faoin ní sin.
Ba cheart an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag na tosca a luaitear sna rannáin "FAISNÉIS GHINEARÁLTA
MAIDIR LE TÁSCA, LE FRITÁSCA AGUS LE TOSCA RIOSCA" agus "DROCHÉIFEACHTAÍ FÉIDEARTHA"
a bhreithniú roimh an obráid agus ba cheart an t-othar a chur ar an eolas faoi na bearta is féidir leis nó léi a
169