Thermo Scientific EK45 Mode D'emploi page 23

Masquer les pouces Voir aussi pour EK45:
Table des Matières

Publicité

Les langues disponibles
  • FR

Les langues disponibles

  • FRANÇAIS, page 12
Treoracha Riachtanacha Sábháilteachta
GA
Má tá aon treoir ann nach dtuigtear, ceadaigh an lámhleabhar nó déan teagmháil linn sula dtéann tú
níos faide.
Sábháilteacht, gach táirge:
DANGER
léiríonn sé staid ghuaiseach as a leanfaidh bás nó tromghortú, mura seachnaítear í.
WARNING
léiríonn sé staid ghuaiseach, a bhféadfadh bás nó tromghortú a bheith ina thoradh
air, mura seachnaítear í.
CAUTION
léiríonn sé staid ghuaiseach, as a leanfaidh mionghortú nó dochar measartha, mura
seachnaítear í. Úsáidtear é, leis, chun rabhadh a thabhairt i gcás cleachtais neamhshábháilte.
ceaptha leis an úsáideoir a chur ar an eolas maidir le "voltas contúirteach" neamhinslithe laistigh
d'imfhálú an fhuarthóra. Tá méid an voltais suntasach a dhóthain le bheith ina bhaol turrainge leictrí.
léiríonn sé dromchlaí te.
léiríonn sé gur chóir an lámhleabhar a léamh.
Ná húsáid an trealamh mar ghléas steiriúil ná mar ghléas a nasctar le hothar. Lena chois sin, níor ceapadh
an trealamh lena úsáid i Láithreacha Guaiseacha Aicme I, II nó III mar a shainmhínítear sa Chód Náisiúnta
Leictreach.
Trealamh atá ceaptha le húsáid istigh amháin. Ná suigh riamh é in áit ina bhfuil teas iomarcach, taise,
aerú neamhdhóthanach nó ábhair chreimneacha. Ceadaigh an lámhleabhar go bhfeice tú na paraiméadair
oibriúcháin.
Ceangail an trealamh d'asraon atá talmhaithe i gceart.
Is airde ná aer na cuisneáin a úsáidtear, agus má bhíonn sceitheadh ann, gabhfaidh siad áit na hocsaigine
as a leanfaidh cailliúint comhfheasa. Dófar craiceann má bhíonn teagmháil idir craiceann agus cuisneán
atá ag sceitheadh. Féach ainmphláta an dáileora go bhfeice tú an cineál cuisneáin a úsáidtear agus ansin
féach Leathanach Sonraí Sábháilteachta SA is déanaí an déantóra, an rud a dtugtaí an MSDS air cheana,
agus Leathanach Sonraí Sábháilteachta an AE chun breis eolais a fháil.
Bí cúramach agus tú ag bogadh an trealaimh. Is féidir le croitheadh nó ísliú tobann na comhpháirteanna a
dhamáistiú. Cas an trealamh as i gcónaí agus dícheangail é den voltas soláthair sula mbogann tú é.
Ná hoibrigh riamh trealamh damáistithe nó trealamh atá ag sceitheadh.
Fuarthóirí EK
Cas an trealamh as i gcónaí agus dícheangail é den voltas soláthair sula mbogann tú é.
Iarr ar theicneoir cáilithe gach seirbhísiú agus deisiú a dhéanamh.
Stóráil an trealamh sa raon teochta -25°C go 60°C (in éineacht leis an bpacáistiú), agus i dtaiseacht
choibhneasta <80%.
Níor chóir ach do dhéileálaí cáilithe, a úsáideann trealamh deimhnithe, an gléas a dhíchoimisiúnú. Ní mór
cloí le gach rialachán atá i bhfeidhm.
Féadfaidh staid ghuaiseach agus cur ar neamhní bharánta an déantóra a bheith ina thoradh ar fheidhmiú
nósanna imeachta suiteála, oibriúcháin nó cothabhála seachas iad siúd a ndéantar cur síos orthu sa
lámhleabhar.
Má úsáidtear corda cumhachta an fhuarthóra mar ghléas leictreach dícheangail, ní mór teacht a bheith air
i gcónaí.
Cinntigh nach mbíonn aon teagmháil idir na cordaí leictreacha agus an corna galaitheora nó an píobán.
Cinntigh go ndéantar gach nasc leictreach sula dtosaítear an fuarthóir.
Níor chóir ruaircín, lúb ná casadh a bheith i gcorna galaitheora an fhuarthóra. Má tá, d'fhéadfaí corna an
ghalaitheora a dhamáistiú agus d'fhéadfadh an cuisneán sceitheadh.
Cinntigh nach féidir leis an leacht aon gháis thocsaineacha a ghiniúint. Is féidir le gáis inadhainte cruinniú
os cionn an leachta fad a bhíonn sé in úsáid.
Ná glan an fuarthóir le tuaslagóir, úsáid ceirt bhog agus uisce.
Féadfaidh staid ghuaiseach agus cur ar neamhní bharánta an déantóra a bheith ina thoradh ar fheidhmiú
nósanna imeachta suiteála, oibriúcháin nó cothabhála seachas iad siúd a ndéantar cur síos orthu sa
lámhleabhar.
Le Tumfhuarthóirí EK a Shuiteáil:
Teastaíonn aer glan ón bhfuarthóir le go n-oibreoidh sé i gceart. Téann aer isteach ón tosach agus amach
ar chúl.
Tum an corna den fhuarthóir (galaitheoir) fuaraithe, isteach i soitheach oiriúnach folcadáin. Ní mór an corna
a bheith clúdaithe go hiomlán le leacht chun nach ndéanfar leac oighir.
Chun an fuarthóir a thosú, cuir an cosantóir ciorcaid atá suite ar aghaidh an fhuarthóir i riocht I.
Beidh moill idir cúig agus deich nóiméad ann fad a fhuaraíonn chomhbhrúiteoir na chéad chéime an
malartóir inmheánach teasa a dhóthain le gur féidir leis an gcomhbhrúiteoir dara céime tosú.
A luaithe a chastar an dara comhbhrúiteoir air, laghdóidh an córas cuisneora teocht an leachta fuaraithe sa
limistéar oibre go dtí an teocht is ísle is féidir faoi na dálaí ualaigh teasa atá i bhfeidhm.
Tá EK45anna agus EK90anna trealmhaithe le huathchosantóir ciorcaid atá mar chuid den lasc air/as.
Cosantóir truiceartha is ea a léiríonn an cnaipe dearg sínte. Lig don EK fuarú, ar feadh cúig nóiméad nó
mar sin, sula mbrúitear an cnaipe dearg lena athshocrú.

Publicité

Table des Matières
loading

Ce manuel est également adapté pour:

Ek90

Table des Matières