TREORACHA SÁBHÁILTEACHTA
8
Cianrialtán
• Bain na cadhnraí mura n-úsáidfear an táirge ar feadh tréimhse fhada.
• Ná measc cineálacha éagsúla cadhnraí, ná seanchadhnraí agus
cadhnraí nua, sa chianrialtán.
• Ná déan na cadhnraí a athluchtú nó a bhaint óna chéile.
• Stop ag úsáid an cianrialtán má tá sreabhán ag sceitheadh ón
gcadhnra. Má nochtar d'éadaí nó do chraiceann don sreabhán
cadhnra sceite, nigh é le huisce glan.
• Má shlogadh an sreabhán cadhnra sceite, sruthlaigh an taobh istigh
den bhéal go hiomlán agus faigh comhairle ó dhochtúir.
• Diúscair na cadhnraí in áit nach bhfuil aon bhaol dóiteáin.
Cothabháil
• Sula nglantar an gléas agus sula ndéantar cothabháil air, dícheangail
an soláthar cumhachta agus fan go stopann an gaothrán.
• Ná glan an gléas trí uisce a spraeáil díreach ar an táirge.
Cuisneán
Ginearálta
• Ná húsáid ach an cuisneán sonraithe ar lipéad an aerchóiritheora.
• Ná cuir aer nó gás isteach sa chóras seachas an cuisneán sonraithe.
• Ná teagmhaigh leis an gcuisneán sceite le linn suiteála ná deisithe.
• Cinntigh go seiceáiltear an bhfuil sceitheanna cuisneáin ann tar éis an
táirge a shuiteáil nó a dheisiú.
• Ní mór an gléas a stóráil ar chaoi nach dtarlóidh damáiste meicniúil
dó.