Télécharger Imprimer la page

LG H12S1D Manuel Du Propriétaire page 1301

Publicité

Les langues disponibles
  • FR

Les langues disponibles

  • FRANÇAIS, page 375
TREORACHA SÁBHÁILTEACHTA
6
Suiteáil
• Déan teagmháil le lárionad seirbhíse údaraithe nuair a bhítear ag
suiteáil agus ag athshuí an aerchóiritheora.
• Ná suiteáil an t-aerchóiritheoir ar dhromchla míshocair nó in áit a
bhfuil contúirt ann go dtitfidh sé.
• Ná suiteáil an t-aonad in atmaisféir a d'fhéadfadh a bheith pléascach.
• Ná suiteáil an t-aerchóiritheoir in áit a bhfuil leachtanna nó gáis
inadhainte amhail peitreal, própán, caolaitheoir péinte, srl., stóráilte.
• Suiteáil an painéal agus an clúdach an bhosca rialaithe go sábháilte.
• Suiteáil soicéad leictreach agus scoradán ciorcaid tiomnaithe sula n-
úsáidtear an t-aerchóiritheoir.
• Úsáid scoradán ciorcaid agus fiús caighdeánach a chomhlíonann an
grádú an aerchóiritheora.
• Cinntigh nach bhfuil an píopa agus cábla cumhachta a cheanglaíonn
na haonaid faoi dhíon agus faoin aer tarraingthe ródhaingean nuair
a bhítear ag suiteáil an aerchóiritheora.
• Ní mór na cónaisc sreinge faoi dhíon/faoin aer a cheangal go
daingean, agus ba cheart an cábla a leagan i gceart ionas nach bhfuil
aon fhórsa ag tarraingt an chábla ó na teirminéil cheangail. Is féidir
le cónaisc mhíchearta nó scaoilte a bheith ina gcúis le teas nó
dóiteán.
• Ná ceangal an tsreang thalmhaithe le píopa gáis, seoltóir tintrí nó
sreang thalmhaithe teileafóin.
• Úsáid gás neamh-inadhainte (nítrigin) chun sceitheanna a sheiceáil
agus aer a sciúradh; d'fhéadfadh úsáid aeir comhbhrúite nó gáis
inadhainte a bheith ina chúis le dóiteán nó pléasc.
Oibriúchán
• Ná hathraigh agus ná méadaigh an cábla cumhachta. D'fhéadfadh
scríobhadh nó scamhadh inslithe ar na cáblaí cumhachta a bheith ina
chúis le dóiteán nó turraing leictreach, agus ba cheart a leithéid a
athsholáthar.
• Cinntigh nach bhfuil an cábla cumhachta salach, scaoilte nó briste.

Publicité

loading

Ce manuel est également adapté pour:

H09s1pH09s1d