Télécharger Imprimer la page

Formlabs Dental LT Comfort Resin Mode D'emploi page 38

Publicité

Sula bpriontálfaidh tú seo, féach ar an Treoir Déantúsaíochta agus ar an treoir faoi ábhair fhorchurtha
fhiaclóireachta maidir leis an ábhar seo ar support.formlabs.com chun le haghaidh moltaí agus
riachtanais priontála agus iar-phróiseála lena chinntiú go n-úsáidfear an t-ábhar seo mar is cuí agus
go sábháilte. Chun eolas mionsonraithe sábháilteachta agus comhshaoil a fháil, tá an Bhileog Sonraí
Sábháilteachta ar fáil ag support.formlabs.com.
I. Réamhrá agus Treoracha Úsáide
RÉAMHRÁ AGUS AN FHEIDHM BHEARTAITHE
Is roisín polaiméirbhunaithe solas-leasaithe é Dental LT Comfort Resin atá curtha in oiriúint do
dhéantúsaíocht fhearais dhéadacha agus ortódóntacha atá bithchomhoiriúnach, oiriúnach d'úsáid
fhadtéarmach agus inbhainte, amhail cleithíní oclúide, cosaintí oíche, cosaintí fiacla, athshocraitheoirí,
coimeádaithe spáis, agus/nó tráidirí tuartha trí dhéantúsaíocht bhreisithe a bheith déanta orthu.
TREORACHA ÚSÁIDE
Nuair a úsáidtear é chun fearais dhéadacha agus ortódóntacha ar nós cleithíní oclúide, cosaintí oíche,
cosaintí fiacla, athshocraitheoirí, coimeádaithe spáis a phriontáil, moltar Dental LT Comfort Resin mar
chóir leighis d'othair a bhfuil fadhbanna acu le caitheamh oclúide agus/nó le cóir leighis ortódóntach.
Anuas air sin, is féidir é a úsáid chun tráidirí tuartha a phriontáil do ghnáthaimh fhiacalghealaithe a
bhaineann le riochtaí amhail éagothromaíochta aeistéitiúla.
FRITÁSCA
Níor chóir Dental LT Comfort Resin a úsáid in aon chás ina bhfuil frithghníomhuithe ailléirgeacha
nó hipiríogaireacht ar eolas le hábhair roisín fótapolaiméire. I gcás frithghníomhú ailléirgeach,
stop á úsáid láithreach bonn, agus téigh i gcomhairle le dochtúir.
POBAL OTHAR AR A BHFUIL SÉ DÍRITHE
Gach othar agus pobal inar oideasaigh cliniceoir cóir leighis a bhaineann leis an aidhm atá beartaithe léi.
ÚSÁIDEOIRÍ AR A BHFUIL SÉ DÍRITHE
Gairmithe déadacha agus ortódóntacha a dhéanann fearais dhéadacha agus ortódónacha.
BUNTÁISTE CLINICIÚIL
Is é an buntáiste cliniciúil a bhaineann le Dental LT Comfort Resin ná go bhfuil sé in ann priontáil 3T
a dhéanamh d'fhearais dhéadacha nó ortódónacha amhail cleithíní oclúide, cosaintí oíche, cosaintí
fiacla, athshocraitheoirí agus tráidirí tuartha.
II. Sábháilteacht
RABHAIDH A BHAINEANN LE ROISÍN
Tá monaiméirí ar féidir polaiméir a dhéanamh dóibh sa Dental LT Comfort Resin (neamhleasaithe).
Léigh bileog sonraí sábháilteachta Dental LT Comfort Resin maidir le guaiseacha a bhaineann le
roisín leachtach ag support.formlabs.com.
RÉAMHCHÚRAIMÍ IN AGHAIDH ÚSÁIDE ROISÍN
Ba chóir spéaclaí cosanta agus lámhainní nitríle a chaitheamh le linn a bheith ag láimhseáil roisín.
Chun eolas a fháil ar Dental LT Comfort Resin a láimhseáil, léigh an bhileog sonraí sábháilteachta
ag support.formlabs.com.
EOLAS MAIDIR LE SÁBHÁILTEACHT OTHAR
Ní foláir don othar an cliniceoir a chur ar an eolas faoi aon ailléirge nó aon hipiríogaireacht i leith
roisín fótapolaiméire a chuaigh dó nó di roimhe seo.
I gcás frithghníomhú ailléirgeach, stop á úsáid láithreach bonn, agus téigh i gcomhairle le dochtúir.
Ná húsáid fearais a bhfuil damáiste déanta dóibh nó scoilteanna orthu.
Má bhíonn cuma thar a bheith caite ar na fearais nó má bhíonn scrios nó pollta iontu, ba chóir iad
a athrú chun teip ábhair agus/nó gortú colainne a d'fhéadfadh tarlú a sheachaint.
Is mór an difear saolré an fhearais idir othair. Mar sin féin, ba chóir fearais a athrú gach sé mhí ar
a laghad. Maidir le tráidirí tuartha, fáigh réidh leo tar éis gach cóir leighis tuartha oideasaithe.
Chun an fad is mó a chur le saolré an fhearais, ba chóir a rá le hothair na fearais a láimhseáil go
cúramach agus na treoracha glantacháin agus stórala a leanúint.

Publicité

loading