Gaeilge
Réamhrá
Píosa ceannbhirt speisialta is ea clogad táthúcháin, a úsáidtear nuair a thugtar faoi chineálacha áirithe oibre
táthúcháin chun na súile, an aghaidh agus an muineál a chosaint in aghaidh solas infheicthe, solas ultraivialait, solas
infridhearg, spréacha, agus teas ón stua táthúcháin. Tá roinnt páirteanna sa chlogad (féach liosta na bpáirteanna
spártha). Tá sa scagaire uathoibríoch táthúcháin scagaire éighníomhach ultraivialait agus scagaire éighníomhach
infridhearg, mar aon le scagaire gníomhach a n-athraíonn a tharchuras solais sa raon infheicthe den speictream de
réir dhéine an tsolais sa stua táthúcháin. Bíonn tarchuras solais an scagaire uathoibríoch táthúcháin ard (an staid
gheal) ar dtús. Tar éis lasadh an stua táthúcháin, agus laistigh d'aga sonraithe lasctha, athraíonn comhéifeacht
tarchuir solais an scagaire chuig luach íseal (an staid dhorcha). Ag brath ar an múnla, is féidir an clogad a úsáid le
clogad sábháilteachta agus/nó córas análaitheora íonaithe aeir faoi chumhacht (PAPR).
Treoracha Sábháilteachta
Léigh an lámhleabhar sula n-úsáidfidh tú an clogad. Déan cinnte de go bhfuil an críochnaitheoir suite i gceart. Mura
féidir fabhtanna a réiteach, caithfear éirí as an gcaiséad frithdhallraithe a úsáid láithreach bonn.
Réamhchúraimí agus Srianta/Rioscaí
Le linn an phróisis táthúcháin scaoiltear teas agus radaíocht, rudaí a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le gortuithe
súile agus craicinn. Tugann an táirge seo cosaint do na súile agus don aghaidh. Cosnaítear do shúile go buan in
aghaidh radaíocht ultraivialait agus infridhearg nuair atá an clogad á chaitheamh agat, beag beann ar an leibhéal
cosanta atá roghnaithe. Caithfear éadaí cosanta cuí a chaitheamh freisin leis an gcuid eile de do chorp a chosaint.
Cáithníní agus substaintí a scaoiltear le linn an phróisis táthúcháin, is féidir leo bheith ina gcúis le frithghníomhuithe
ailléirgeacha craicinn i ndaoine a bhíonn tugtha dá leithéid. I gcás daoine a bhfuil craiceann bog acu, d'fhéadfadh
teagmháil idir an craiceann agus an cheannpháirt a bheith ina cúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha.
Ní ceadmhach an clogad táthúcháin a úsáid ach amháin le haghaidh feidhmeanna táthúcháin agus meilte agus
ní le haghaidh aon fheidhmeanna eile. Má úsáidtear an clogad táthúcháin chun aon chríche eile, nó má dhéantar
neamhaird de na treoracha oibriúcháin, ní ghlacfaidh an monaróir le haon dliteanas as sin. Tá an clogad oiriúnach
do gach gnáthphróiseas táthúcháin, seachas táthúchán gáis agus léasair. Tabhair faoi deara an leibhéal
cosanta a mholtar de réir EN169 ar an gcumhdach. Caithfear pánaí lochtacha a athsholáthar. Ní thagann an
clogad in ionad clogad sábháilteachta. Ag brath ar an múnla, is féidir an clogad a úsáid le clogad sábháilteachta.
Mar gheall ar shonraíochtaí an dearaidh, féadann an clogad dul i bhfeidhm ar an réimse radhairc (ní féidir an réimse
cliathánach radhairc a fheiceáil ach amháin má chastar an ceann) agus cur isteach ar aireachtáil dathanna de bharr
tarchur solais an scagaire uathoibríoch maolaithe. D'fhéadfadh sé nach mbeadh soilse comhartha ná táscairí
rabhaidh infheicthe mar thoradh air sin. Ina theannta sin, tá baol tuairte ann de bharr go bhfuil an imlíne níos mó
(ceann agus an clogad air). Nuair a chaitear an clogad, laghdaítear an aireachtáil fuaime agus theirmeach freisin.
Mód Codlata
Tá feidhm múchta uathoibríoch ag an gcaiséad frithdhallraithe, a mhéadaíonn saolré an chadhnra. Má bhíonn
níos lú ná 1 lucsa de sholas ag teacht isteach sa chaiséad frithdhallraithe ar feadh thart ar 10 nóiméad, múchtar
an caiséad frithdhallraithe go huathoibríoch. Leis an gcaiséad a chur ar siúl arís, caithfear na cealla fótavoltacha
a nochtadh do sholas an lae. Más rud é nach féidir an caiséad frithdhallraithe a ghníomhachtú a thuilleadh nó nach
n-éiríonn sé dorcha nuair a lastar an stua táthúcháin, ní mór cadhnraí nua a chur isteach ann.
Baránta agus Dliteanas
Is i dtreoracha na heagraíochta díolacháin náisiúnta de chuid an mhonaróra a fhaightear na coinníollacha baránta.
Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil leis an miondíoltóir oifigiúil. Ní thugtar baránta ach i dtaca le lochtanna
ábhair agus monaraíochta. I gcás damáiste a dhéanfar mar thoradh ar úsáid mhíchuí, nó idirghabháil nó úsáid
neamhúdaraithe nach ndéanann an monaróir foráil dóibh, beidh an baránta agus an dliteanas ar neamhní.
Beidh an dliteanas agus an baránta ar neamhní chomh maith má úsáidtear páirteanna spártha seachas na cinn
a ndíolann an monaróir iad.
Saolré ionchais seirbhíse
Níl dáta deiridh ré ag baint leis an gclogad táthúcháin. Is féidir an táirge a úsáid chomh fada agus nach bhfuil aon
damáiste déanta dó, cibé infheicthe nó dofheicthe, agus nach dtarlaíonn aon mífheidhmeanna.
Feidhmiú (Treoir Mhearthosaithe)
1. Strapa cinn. Coigeartaigh an strapa uachtarach coigeartaithe (lch. 4) le go mbeadh sé in oiriúint do mhéad
do chinn. Brúigh an cnaipe raicíneach isteach (lch. 4) agus cas é go dtí go n-oiriúnóidh an ceannbheart i
gceart, ar chuntar nach gcuireann brú ar do cheann.
2. Fad súl agus claonadh an chlogaid
Fad súl agus claonadh an chlogaid. Scaoil na cnaipí glasála (lgh. 4-5) leis an bhfad idir an caiséad agus
na súile a choigeartú. Coigeartaigh an dá thaobh go cothrom agus déan iarracht a chinntiú nach bhfuil sé
claonta. Ansin teann na cnaipí glasála arís. Is féidir claonadh an chlogaid a choigeartú ach an cnaipe a
chasadh (lch. 5).
3. Leibhéal cosanta
Leibhéal cosanta. I Is féidir socrú an leibhéil cosanta a choigeartú de láimh ach an cnaipe poitéinsiméadair
a chasadh. Is féidir é a roghnú sna raonta SL 8 go SL 12.
4. Mód meilte . Brúigh an cnaipe "Meil" (lch. 6) leis an gcaiséad frithdhallraithe a shocrú chuig an mód meilte.
Sa mhód sin, díghníomhaítear an caiséad agus fanann i mód geal le leibhéal cosanta SL 2.5. Nuair atá an
mód meilte i bhfeidhm, splancálann LED dearg (lch. 6) ar thaobh istigh an chlogaid. Leis an mód meilte a
mhúchadh, brúigh an cnaipe "Meil" arís. Múchtar an mód meilte go huathoibríoch tar éis 10 nóiméad.
5. Íogaireacht. Úsáid an cnaipe íogaireachta (lch. 7) leis an íogaireacht ar sholas comhthimpeallach a
choigeartú. Is í an teorainn "Rí-ard" an gnáthshocrú. Is féidir é sin a choigeartú ach an cnaipe rothlach a
chasadh. Sa raon "Rí-ard", baintear amach leibhéal an-ard íogaireachta ar sholas.
6. Sleamhnán braiteora. Leis an gcnaipe íogaireachta déantar an íogaireacht solais a choigeartú de réir
an stua táthaithe agus an tsolais chomhthimpeallaigh (lch. 7) nó méadaítear (lch. 7) an uillinn braite solais
chomhthimpeallaigh.
7. Rialaitheoir ama oscailte. Cuireann an rialaitheoir ama oscailte (Moill) (lch. 7) ar do chumas an mhoill
ama oscailte ó gheal go dorcha a roghnú. Is féidir an cnaipe rothlach a úsáid leis an socrú a choigeartú go
leanúnach ó dhorcha go solas idir 0.05 - 1.0 s.
Glanadh agus díghalrú
Caithfear an caiséad frithdhallraithe agus an críochnaitheoir a ghlanadh go rialta le héadach bog. Ná húsáid
oibreáin ghlantacháin, tuaslagóirí, alcól ná oibreáin glantacháin a bhfuil scrábaigh iontu. Ba chóir lionsaí nua a
chur in ionad lionsaí scríobtha nó damáistithe.
Stóráil
Ní mór an clogad táthúcháin a stóráil ag teocht an tseomra agus ar íseal taise. Le saolré na gcadhnraí a shíneadh,
stóráil an clogad sa phacáistíocht bhunaidh.
Críochnaitheoir nua a fheistiú (lgh. 8-9)
Brúigh fáisceán taoibh isteach leis an gcríochnaitheoir a scaoileadh, rud is féidir a bhaint ansin. Ceangail an
críochnaitheoir nua le ceann de na fáisceáin taoibh. Tarraing an críochnaitheoir anonn chuig an dara fáisceán
taoibh agus feistigh ina áit é. Caithfear é a bhrú isteach go daingean ionas go gcoigeartóidh an séala ar an
gcríochnaitheoir do chruth sceall an chlogaid.
Cadhnraí nua a chur isteach (lch. 5)
Na cadhnraí litiam in-athsholáthraithe atá sa chaiséad frithdhallraithe, is cealla cnaipe CR2032 iad. Má tá tú
ag úsáid clogad táthúcháin a bhfuil nasc aeir úir aige, bain an séala aghaidhe sula gcuirfidh tú cadhnraí nua
isteach. Caithfear na cadhnraí nua a chur isteach nuair atá an LED ar an gcaiséad ag splancáil i ndath glas.
1. Bain an clúdach cadhnra go cúramach.
2. Bain na cadhnraí agus faigh réidh leo de réir na rialachán áitiúil is infheidhme maidir le dramhaíl
ghuaiseach .
3. Cuir isteach cadhnraí CR2032 mar atá léirithe.
4. Cuir an clúdach cadhnra ar ais go cúramach.
Mura n-éiríonn an caiséad frithdhallraithe dorcha nuair a lastar an stua táthúcháin, seiceáil polaraíocht
na gcadhnraí. Lena sheiceáil go bhfuil go leor fuinnimh fós fágtha sna cadhnraí, tabhair an caiséad
frithdhallraithe gar do lampa geal. Má thosaíonn an LED ag splancáil i ndath glas, níl go leor cumhachta
fágtha sna cadhnraí agus caithfear cinn nua a chur ina n-ionad láithreach bonn. Mura bhfeidhmíonn an
caiséad frithdhallraithe i gceart fiú tar éis cadhnraí nua a chur isteach ann, ní féidir é a úsáid a thuilleadh
agus caithfear ceann nua a fháil.
An caiséad frithdhallraithe a bhaint/a fheistiú (lch. 8)
1. Tarraing amach an cnaipe leibhéil cosanta
2. Bain an clúdach cadhnra go cúramach
3. Díghlasáil lingeán coinneála an chaiséid, mar atá léirithe
4. Claon an caiséad amach go cúramach
5. Díghlasáil an tsatailít mar atá léirithe
6. Tarraing an tsatailít amach tríd an gcuas sa chlogad
7. Rothlaigh an tsatailít 90° agus brúigh amach trí chuas an chlogaid í
8. An caiséad frithdhallraithe a bhaint/a fheistiú
Déantar an caiséad frithdhallraithe a fheistiú ach na céimeanna a leanúint ina malairt d'ord.
Fabhtcheartú
Teipeann ar an gcaiséad frithdhallraithe dorchú
→ Coigeartaigh an íogaireacht
→ Glan na braiteoirí nó an críochnaitheoir
→ Seiceáil an sreabhadh solais chuig an mbraiteoir
Tá an leibhéal cosanta rógheal
→Socraigh leibhéal cosanta níos airde nó úsáid lionsaí daite istigh
Tá an leibhéal cosanta ródhorcha
→Roghnaigh leibhéal cosanta níos ísle
Bíonn an caiséad frithdhallraithe ag preabarnach
→ Ceartaigh suíomh an rialaitheora ama oscailte le haghaidh an phróisis táthúcháin
→ Cuir cadhnraí nua isteach
Drochléargas
→ Méadaigh leibhéal an tsolais thimpeallaigh
→ Cuir an leibhéal cosanta in oiriúint don phróiseas táthúcháin
Sleamhnaíonn an clogad táthúcháin
→ Coigeartaigh/teann an strapa cinn arís
Sonraíochtaí
(Faoi réir athruithe teicniúla)
Leibhéal cosanta
Cosaint UV/ID
Aga lasctha ó gheal go dorcha
Aga lasctha ó dhorcha go geal
Toisí an chaiséid frithdhallraithe
Toisí an réimse radhairc
Soláthar voltais
Meáchan
Teocht oibriúcháin
Teocht stórála
Aicmiú de réir EN379
Ceaduithe
Marcálacha breise le haghaidh leagan PAPR
(comhlacht dá dtugtar fógra CE1024)
-
Páirteanna spártha (Leathanaigh 9)
-Clogad gan chaiséad (SP01))
-Caiséad frithdhallraithe lena n-áirítear satailít (SP02) cnaipe poitéinsiméadair agus clúdach cadhnra) (SP06)
-Críochnaitheoir (SP03)
-Tacar deisiúcháin 2 (fáiscíní taoibh) (SP04)
-Lionsa inmheánach cosanta (SP05)
Le huimhreacha beachta na n-earraí a fháil, féach an rapar (an dara leathanach ón deireadh)..
Dearbhú Comhréireachta
Féach an seoladh Idirlín ar an leathanach deiridh.
Faisnéis Dlí
Comhlíonann an doiciméad seo ceanglais Rialachán 2016/425 ón AE, Uimh. 1.4 d'Iarscríbhinn II.
An Comhlacht ar Tugadh Fógra dó
Le mionsonraí a fháil, féach an leathanach deiridh.
39
→ Athraigh suíomh an tsleamhnáin braiteora
→ Díghníomhachtaigh an mód meilte
→ Cuir cadhnraí nua isteach
→Glan an críochnaitheoir nó faigh ceann nua
SL2.5 (staid gheal) SL8 – SL12 (staid dhorcha)
Uaschosaint i ndálaí geala agus dorcha
100μs (23°C / 73°F)
70μs (55°C / 131°F)
0.05- 1.0s
90 x 110 x 7mm / 3,55 x4,33 x 0,28"
50 x 100mm / 1,97 x 3,94"
Cealla fótavoltacha, 2 cheann Cadhnraí LI, 3V, in-
athsholáthraithe (CR2032)
Non PAPR: 489g / 17.25 oz
PAPR: 689g / 24.3038 oz
-10°C – 70°C / 14°F – 157°F
-20°C – 80°C / -4°F – 176°F
Aicme optúil = 1
Solas scaipthe = 1
Aonchineálacht = 1 Spleáchas ar an réimse radhairc = 2
CE, ANSI, EAC, in oiriúint le CSA, KCS
EN12941 (TH3 i dteannta le e3000/e3000X , TH2 le
haghaidh leaganacha le hardhat agus e3000/e3000X )
EN 14594 Class 3B
-Tacar deisiúcháin 1 (Cnaipe "íogaireachta"),
-Strapa cinn agus glas (SP07)
-Bandaí allais (SP08/SP09)