•
Treoshuíomh Páirte: Is féidir treoirlínte dearaidh do threoshuíomh páirte le linn priontála a fháil sa
Treoir Déantúsaíochta.
•
Tiús Páirteanna: Tá treoirlínte dearaidh maidir le tiús páirteanna le fáil sa Treoir Déantúsaíochta.
•
Trealamh Iar-Phróiseála Molta:
•
Oiriúintí dearbhaithe Formlabs
•
Aonaid níocháin dearbhaithe Formlabs le tuaslagóirí ceadaithe
•
Aonaid leasaithe dearbhaithe Formlabs
RIACHTANAIS
I dtaca le comhlíontacht bhithchomhoiriúnachta, dearbhaíodh IBT Resin le humar roisín tiomnaithe,
ardán tógála, aonad níochána, agus trealamh iar-phróiseála nach raibh meascaithe le haon roisín eile.
A. PRIONTÁIL
Tá treoirlínte priontála agus trealamh dearbhaithe le fáil sa Treoir Déantúsaíochta ar support.formlabs.com.
B. NÍOCHÁN
Tá treoirlínte níocháin agus trealamh dearbhaithe le fáil sa Treoir Déantúsaíochta.
C. IAR-CHRUACHAN
Tá treoirlínte iar-chruachana agus trealamh dearbhaithe le fáil sa Treoir Déantúsaíochta.
D. BAINT TACAÍ
D'fhéadfadh marcanna tacaí scrabhadh a fhágáil mura mbaintear iad. Féach ar an Treoir Déantúsaíochta
chun moltaí a fháil.
E. GLANADH & DÍGHALRÚ
1. Is féidir páirteanna a bhfuil iar-phróiseáil iomlán déanta orthu a ní le scuab fiacla bhog agus
le gallúnach neodrach agus uisce ag teocht an tseomra. Ná húsáid taos fiacla ná haon earraí
glantacháin eile ar pháirteanna a priontáladh le IBT Resin. Tar éis glanadh a thabhairt orthu,
déan iniúchadh i gcónaí ar pháirteanna féachaint an bhfuil aon scoilteanna ann. Faigh réidh leo
má aimsítear aon damáiste nó scoilteanna.
2. Is féidir na fearais a ghlanadh agus a dhíghalrú de réir phrótacail na háise. Modh díghalraithe
tástáilte: an fearas ullmhaithe a chur ar bogadh in IPA 70% úr ar feadh cúig nóiméad. Ná fág an
pháirt sa tuaslagán alcóil níos mó ná 5 nóiméad. Tar éis díghalrú a dhéanamh, déan iniúchadh ar
an bpáirt féachaint an bhfuil aon damáiste nó scoilteanna chun a chinntiú go gcomhlíonann sláine
na páirte deartha riachtanais feidhmíochta.
F. STÓRÁIL
1. Ba chóir fearais phriontáilte a stóráil i gcoimeádáin theimhneacha nó ómracha atá dúnta.
D'fhéadfadh an iomarca solais cur as do dhath agus d'fheidhmíocht fhearas priontáilte le himeacht ama.
2. Stóráil cartúis ag 10°C - 25°C. Ná téigh tar 25°C le linn stórála.
3. Coinnigh na cartúis dúnta agus slán ó fhoinsí adhainte.
G. DIÚSCAIRT
1. Níl contúirt ag baint le roisín cruaite agus is féidir é a dhiúscairt sa ghnáthdhramhaíl.
2. Lean prótacail na háise maidir le dramhaíl a d'fhéadfadh a bheith bithghuaiseach.
3. Ba chóir roisín leachtach agus tuaslagóirí nár úsáideadh a dhiúscairt i gcomhréir le rialacháin áitiúla.
4. Ba chóir cartúis agus pacáistiú éillithe a dhiúscairt i gcomhréir le rialacháin áitiúla.
H. EACHTRAÍ DÍOBHÁLACHA
Chun aon drochghortú a thuairisciú (meath sláinte atá sealadach nó tromchúiseach agus buan, bagairt
thromchúiseach ar shláinte phoiblí, nó bás), téigh i dteagmháil le Formlabs Inc. (+1 617 855 0762) nó le
d'Údarás Inniúil áitiúil.