REVO-2 Benutzerhandbuch
www.renishaw.de
GA ‐ Sábháilteacht
RABHADH: Ba chóir don úsáideoir na treoracha sábháilteachta thíos a léamh go cúramach sula ndéantar an córas REVO‐2 a
dhíphacáil agus a shuiteáil, agus a chinntiú go leanann gach oibreoir iad i gcónaí.
Níor chóir an RSP2, RSP2 V2 agus RSP3‐x a úsáid ach amháin leis an gceann Renishaw REVO / REVO‐2.
Ní mór oiliúint a thabhairt d'oibreoirí maidir le húsáid agus feidhmiú an chórais REVO / REVO‐2 agus na táirgí atá ag dul leis i
gcomhthéacs an innill ar a bhfuil sé feistithe, sula gceadaítear dóibh an t‐inneall a úsáid.
Tá buanmhaighnéid i gcuid de chomhpháirteanna an chórais REVO‐2 agus sna táirgí a théann leis. Tá sé tábhachtach iad a
choinneáil amach ó earraí mar chórais stórála sonraí, séadairí, uaireadóirí agus araile a d'fheadfadh réimsí maighnéadacha dul i
gcion orthu.
Astúcháin léasair RSP2 Aicme 3R
Déantar tagairt do ghnéithe atá léirithe mar † agus ‡ sna léaráidí thíos. Cinntigh le do thoil go dtuigeann tú na treoracha sábháilteachta go léir.
Moltar aithne a bheith agat ar chomhpháirteanna an chórais REVO‐2.
Léiriú sábháilteachta ar RSP2 Aicme 3R
Is táirgí léasair Aicme 3R iad na leaganacha seo de RSP2 de réir EN 60825‐1:2007. Tá an rangú seo bunaithe ar an gcumhacht léasair a
d'astófaí sa chaolseans go mbrisfí coimeádaí an stílis, de réir mar a éilíonn na critéir 'aon‐lochta' in EN 60825‐1. Mura bhfuil a leithéid de
locht ann bíonn an chumhacht léasair neamhbhríoch.
Eochair
† Teagmhálacha lasc comhghlasála
RABHADH: Ná haistrigh na lipéid rabhaidh sábháilteachta atá suite ar chabhail tóireadóra an RSP2 araon.
Veröffentlicht 04 2023
‡ Cró léasair agus fuinneog optúil
82