gs yuasa GYTII7 Manuel D'utilisation page 42

Table des Matières

Publicité

Les langues disponibles
  • FR

Les langues disponibles

  • FRANÇAIS, page 5
Gaeilge
Sampla: Laistigh de 90 lá ón tsuiteáil, tomhais sampla de 20 ceallra
nua (12V, 17Ah) a bhfuil meánluach 300S luaite leo nuair atá siad
lánluchtaithe. Meathlóidh an seoltas de réir mar a théann an ceallra
in aois. Braithfidh méid an chaillteanais inghlactha ar an gcineál
úsáide a bhaintear as an gceallra. Riail ghinearálta:
Caillteanas <30% = Ceallra láidir - níl aon chaillteanas suntasach
toillte tugtha faoi deara (300 x 0.70 nó níos mó ≥210S)
Caillteanas 30 go dtí 40% = Ceallra imeallach - gar do dheireadh a
shaolré inseirbhísithe (180 go dtí 210S)
Caillteanas >40% = Ceallra díghrádaithe - b'fhéidir nach
gcomhlíonfar an t-ualach riachtanach (300 x 0.60 nó níos lú ≤180S)
Téigh i gcomhairle le do sholáthraí ceallra d'fhonn a chinntiú go
bhfuil an toilleadh ceallra rátáilte oiriúnach don am rite trealaimh
infheidhme agus go bhfuil fachtóir aosaithe oiriúnach na gceallraí
á chur san áireamh.
Scálaí cúitimh teochta ceallra
Teocht ceallra
35°C (95°F) nó níos teo
30°C (86°F)
25°C (77°F)
20°C (68°F)
15°C (59°F)
10°C (50°F)
5°C (41°F)
0°C (32°F) nó níos fuaire
Samplaí:
Trí úsáid a bhaint as luach tagartha atá cothrom le 300, tá 63%,
190S, á thuairisciú ag GS Yuasa GYT117. Má tá teocht an cheallra
cothrom le 35°C (0.63 x 0.93 = 0.59 nó 59%), ba cheart ceallra nua
a chur ina áit.
Arís, trí úsáid a bhaint as luach tagartha atá cothrom le 300, tá 63%,
190S, á thuairisciú ag GS Yuasa GYT117. Má tá teocht an cheallra
cothrom le 0°C (0.63 x 1.175 = 0.74 nó 74%), tá an ceallra go maith.
Gheobhaidh tú liosta iomlán de luachanna Síminí le haghaidh
cineálacha ceallraí Yuasa anseo:
www.yuasa.com/GYT117
82
Iolraigh % luach tagartha
GS Yuasa faoi
0.930
0.965
1.000
1.035
1.070
1.105
1.140
1.175
Gaeilge
Faisnéis diúscartha agus baránta
Marcáil DTLL (diúscairt)
Tá an ceanglas marcála DTLL á chomhlíonadh ag
gach táirge GS Yuasa, a seoladh ón 13 Lúnasa 2005 ar
aghaidh, atá faoi réir na treorach DTLL. Tá an tsiombail
DTLL marcáilte ar tháirgí den chineál seo (ar taispeáint
ar dheis) de réir Chaighdeán Eorpach EN50419.
Is féidir an seantrealamh leictreach ar fad a athchúrsáil. Ná caith
aon trealamh leictreach i do bhosca bruscair, aon trealamh a bhfuil
an tsiombail seo marcáilte air san áireamh.
Eolas do chustaiméirí
Is fianaise é an tsiombail ar an táirge nó ar phacáistíocht an táirge
nár cheart an táirge seo a dhiúscairt le do dhramhaíl tí eile. Seachas
sin, tá an fhreagracht ortsa do dhramhthrealamh a dhiúscairt tríd é
a thabhairt chuig pointe bailithe ainmnithe chun dramhthrealamh
leictreach agus leictreonach a athchúrsáil. Má theastaíonn tuilleadh
eolais uait maidir le cá háit is féidir leat do dhramhaíl a thabhairt
chun í a athchúrsáil, déan teagmháil le d'údarás áitiúil nó leis an áit
ar cheannaigh tú an táirge.
Baránta
Tá an táirge seo ráthaithe i gcoinne teip roimh am de bharr
fabhtanna déantúsaíochta nó ábhair le haghaidh tréimhse dhá
bhliain ón dáta ceannaigh. Laistigh de thréimhse an bharánta, ní
mór don chustaiméir teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí nó
miondíoltóir údaraithe ónar ceannaíodh an táirge agus cruthúnas
ar cheannach a sholáthar ionas gur féidir an t-éileamh baránta a
phróiseáil.
Féadfaidh athdhíoltóirí barántaí sínte a fhrithghealladh agus a
thairiscint d'úsáideoirí deiridh. Téigh i gcomhairle leis an áit ar
cheannaigh tú an táirge má theastaíonn tuilleadh eolais uait.
Tosaíonn an tréimhse baránta ar an dáta a thaispeántar ar an
gcruthúnas ar cheannach. Níl an baránta bailí ach le haghaidh
cheannaitheoir an tástálaí ceallra agus níl sé inaistrithe.
Má thairgtear ceallra ionaid, clúdóidh an baránta an tréimhse ó
dháta ceannaithe an cheallra bhunaidh ar aghaidh.
83

Publicité

Table des Matières
loading

Produits Connexes pour gs yuasa GYTII7

Table des Matières