gs yuasa GYTII7 Manuel D'utilisation page 41

Table des Matières

Publicité

Les langues disponibles
  • FR

Les langues disponibles

  • FRANÇAIS, page 5
Gaeilge
Eochaircheap agus LEDanna GS Yuasa GYT117
1. SAIGHEAD SUAS - Brúigh le haghaidh ceallraí 12 Volta agus
chun scrolláil chuig an luach tagartha (20 go dtí 1,200 Símin).
2. ENTER - Brúigh chun an luach tagartha a roghnú, chun tús a
chur leis an tástáil agus chun seoltas a thaispeáint in Síminí (S).
3. SAIGHEAD SÍOS - Brúigh le haghaidh ceallraí 6 Volta agus
chun scrolláil chuig an luach tagartha (20 go dtí 1,200 Símin).
4. VOLTMHÉADAR - Brúigh am ar bith chun an Voltas SD a léamh.
Léiríonn na LEDanna dearga os cionn an eochairchip mód na
tástála agus an luach uimhriúil a thaispeántar ar an taispeáint
(Voltas, Síminí agus céatadán tagartha). Is féidir leat GS Yuasa
GYT117 a úsáid mar Voltmhéadar am ar bith i rith an nóis imeachta
tástála tríd an gcnaipe VOLT a bhrú.
Nós imeachta tástála ceallra
1. Díscoir an ceallra ón gcóras.
2. Nasc na clampaí tástála le teirminéil an cheallra: dearg le
dearfach (+), dubh le diúltach (–).
3. Roghnaigh an voltas tríd an gcnaipe SAIGHEAD SUAS a bhrú
le haghaidh 12 volta nó an cnaipe SAIGHEAD SÍOS a bhrú le
haghaidh 6 volta. Brúigh ENTER.
4. Scrolláil chuig an luach tagartha tríd an gcnaipe SAIGHEAD
SUAS nó an cnaipe SAIGHEAD SÍOS a bhrú. Brúigh ENTER.
(Réamhshocrófar an tástálaí ag an luach tagartha deiridh a
iontráladh).
5. Tosaigh an tástáil trí ENTER a bhrú. Beidh sraith poncanna
ag splancadh ar an taispeáint fad is atá seoltas agus Voltas á
dtomhas ag GS Yuasa GYT117, agus céatadán tagartha á ríomh
aige.
6. Is é an céatadán tagartha an chéad luach a thaispeántar.
7. Chun an luach seoltais iarbhír a thaispeáint (S), brúigh agus
coinnigh síos an cnaipe ENTER.
8. Chun an Voltas a thaispeáint, brúigh an cnaipe VOLT.
80
Gaeilge
Fabhtcheartú
TOO LO: Tá Voltas an cheallra faoin raon oibriúcháin atá sonraithe
(< 6.00V do cheallra 6V nó <12.00V do cheallra 12V).
Tabhair faoi deara: Má tá an ceallra faoi 5.5V, ní oibreoidh an
tástálaí.
TOO HI: Tá Voltas an cheallra os cionn an raoin oibriúcháin atá
sonraithe (< 6.90V do cheallra 6V nó <13.80V do cheallra 12V).
999 (nó 9999 nuair a bhrúitear ENTER): Tá an raon atá sonraithe
sáraithe ag an gceallra. Féach ar 'Sonraíochtaí' chun eolas maidir le
raon oibriúcháin an tástálaí a fháil.
D'fhéadfadh athshocrú an tástálaí tarlú mar thoradh ar thrasnaíocht
leictreamaighnéadach iomarcach. Má athshocraítear an tástálaí
i rith tástála, díscoir ón gceallra, athnasc agus cuir tús leis an
bpróiseas tástála arís.
Luach tagartha seoltais a bhunú
Braitheann feidhmíocht an cheallra ar theocht. Ceadaigh do na
ceallraí teocht an tseomra a shroicheadh roimh thástáil - thart ar
25°C (77°F) go hidéalach. Téigh i muinín na scálaí cúitimh maidir le
teocht ceallra thíos chun eolas a fháil faoin bhfachtóir cúitimh.
De bhrí gur tomhas coibhneasta é seoltas, ní mór duit luach
tagartha a bhunú ar dtús trí líon samplach de cheallraí nua a
thástáil. Chun luach tagartha a bhunú, taifead meánluach deich
gceallra lánluchtaithe ar a laghad, den chineál céanna nó de
chineálacha cosúla, laistigh de 90 lá i ndiaidh iad a shuiteáil, más
féidir. Molann GS Yuasa gur cheart go mbeadh torthaí tástála na
gceallraí ar fad laistigh de 20% dá chéile (+/–10% den mheán).
(Téigh i gcomhairle le do sholáthraí ceallra má theastaíonn eolas
maidir le luachanna seoltais uait). Mura bhfuil ceallraí nua ar fáil,
taifead meánluach na gceallraí suiteáilte, den chineál céanna nó
de chineálacha cosúla, beag beann ar aois. Má tá torthaí tástála
na gceallraí suiteáilte laistigh de 10% dá chéile, is féidir an luach is
airde a úsáid mar thagairt shealadach go dtí go bhfuil ceallraí nua
ar fáil ar féidir iad a thástáil.
81

Publicité

Table des Matières
loading

Produits Connexes pour gs yuasa GYTII7

Table des Matières